School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is do cholceathar dom féin do thuit so amach agus deimhnighim go bhfuil sé fíor. Mac d'uncail domsa ab eadh é. Bhí sé ina tháiliúr agus ag obair ag m'athair. Ba bhéas leis a bheith ag cuardíocht gach oíche agus ní thagadh sé abhaile go mbíodh an meán-oíche aige agus bhíodh m'athair ar dearg-buile ag bagairt agus ag t-aithint air, ach ní raibh ao mhaith dó ann. Nuair a theip ar m'athair é do mhaolughadh, cuireadh sé an glas ar an doras gach oíche agus nuair do bhuaileadh Seán macánta ar an doras d'fhágtaí ann é go mbíodh sé fuar agus cortha go maith de féin. Níor mhúin so ciall do ach mar sin féin cuireadh ar bealach a leasa é.
Bhí sé ag teacht abhaile an oíche seo. go déanach mar ba gnáth. Díreach agus é ag dul thar geata an bóithrín a bhí ag rith isteach don tigh agus timpeall leath-mhíle ar leabhracht, buail ar a cluasa an béic is uafásach agus is mío-shaoghalta do chlos duine ná daonnaidhe riamh. Mar bpiléir bhí sé imithe ceann ar aghaidh fé dhéin a tighe ag cur phluidhe an báithrín thar na gclathachaibh mar ba dhé an goimhreadh a bhí ann.
Bhí leath-an-bhealaigh curtha de aige nuair a bhuail an dara bhéic é. Dhera, a mhic ó, chuir so fiadhan ar fad é agus níos mire agus níos mir do bhailigh sé leis mar leis an uaigneas a bhí sa ghlór agus braon éigin iontach eile ná faghadh sé cuir síos air gur geall leis gur thit an stiúg as.
Ag an doras dó nuair do scréach sí arís ach má dhein, scréach Seán airthi le dian-scannradh agus comh h-árd eaglach gur dúisigh gan duine dhínn. Chrom sé ar an am céanna ag ciceáil an dorais siar uiadh comh millteach agus a bhí ann gur(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male