School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an fear céanna - Séamas Thaidhg - a bhiodh ag obair i dtigh na comharsan, ó thig go tig de réir mar a bhiodh obair dó agus dá mbeadh in éileamh air, d'fanadh sé ag áirneán an fhaid agus do sheasóchadh solas coinnle leis.
Bhíodh an mhórdáil ag gabhail leis agus níor dhein sí í dhearmad riamh. D'inniseadh sé scéalta, ceapaithe a n-úrmhór agus leigeadh sé air léig sé iad i bpáipéirí nuachta na seachtaine caite.
Bhí sé ag obair i dtigh áirithe lá agus d'oscail fear-a-tighe an páipéir agus chrom ar a léigheamh. Ba ghearaid gur chuir sé béic iongantais as agus shín an páipéar chun Séamais a chur a mhéire ar an spotta sa pháipéar a leig sé ar a bheith ag léimh agus le fonn go léigfeadh Séamas é.
Bhíos aige go maith na géillfeadh Seamus ná tabharfadh sé le rá ná raibh sé ábalta ar an léimh a dhéanamh.
Léig leis ós árd an scéal is milltidhe is d'airig aoinne riamh ar murder do dhéineadh an t-seachtain roimhe sin i gCo. Corcaigh. Bhí, fad na h-aimsire sin, an páipéar iompuighe síos suas aige agus fear-a-tighe ag féachaint thar a ghuallain ag gáire dó féin agus Séamus ag cur uaidh de réir mar do mheas sé féin.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male