School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Titeann an féile seo ar an 11ú lá de Mhí Shamhna. Ba bheus coitianta ag an sean dream multachán do marbhughadh i gcóir na féile seo ach i nós go léir dá shórt, bhí an beus seo ag dul in éig de réir na mbliain.
Ní bhíodh an feoil ró-fliúrseach fén dtuaidh an uair úd agus sainnt-chroí na ndaoine inti.
Bhí feirmeoir áirithe agus fonn air an sean-nós do thréigint. Chuir a sheirbhísigh a gcinn i dteannta a chéile agus as san a chruthaigh cleas.
Oíche nó dhó roimh an féile chuaidh duine des na cleasaidh seo an áirde ar shimné an fheirmeora seo ag teacht ar am an codlata.
Bhíodar tar éis an Paidrín a rá, bhí an seirbhísig agus an feirmeoir agus iad ar an dtinteán ag caitheamh gal. nuair d'aiíodar an glór mí-shaolta, fadálach, ag túirling síos ón spéir tríd an t-simné, á rá ;
Muna mharbhócidh tú an multachán dubh
Beidh tú curtha fá bliain ó inniúBaineadh preab as an bhfeirmeoir go mór mhór ó leig an dream eile ortha nár d'airighdear dada.
Cuireadh 'dá chois' an multachán bocht.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male