School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an t-Athair Sléidin a bhí mar sagart paróiste ar Máigh-Dheilge timpeall leath-chéad bliain ó shoin. Bhí feirm beag ag gabháil le tig-a'-pharóiste agud bíodh ba ag an sagart ar an dtalamh.
Chuir sé an seirbhíseach go dtí Aonach Dúngarbháin le ceann des na ba a dhíol. Níor d'éirigh leis í dhíol agus chuaidh sé chun a thart do mhúcadh agus d'éirigh leis seo a dhéanamh go sár-mhaith. Nuair do tháinigh sé chuige féin bhraith sé an bhó imithe agus bhain san ar meisce dhe.
Nuair d'iniseadh dó go raibh an bó gan díol agus gan tomhais ná a tuairisc le fáil, as go bráth leis ar a chapaillín an bóthar abhaile - agus ar na daoine a bhuail leis d'fiosruigh díobh i dtaobh na bó mar seo :- An bhfeacaidh aoinne agaibh agus mo stríopach - mo stríopach dhearg - mo stríopach dhearg gan páiste - ní fheadar a bhfeacaidh aoinne í".- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male