School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 242
- XML “Teach Féile Uí Bhriain - Teach Féile agus Fairsinge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tigh Féile - Uí BhriainTig Féile agus FairrsingeSeo tig mór a bhíodh na fearra fáilte roimh gach duine a théigeadh ag triall ann agus ann a bhíodh "lashins agus Lavings" do gach aoinne. I measc an chuideachta an oidhche áirighthe seo bhí fear de'n gcead uair, agus meas as meon aige as thapaidheacht a theangan. Nuair a bhí sé tar éis buille-fá-thuairim do thabhairt ar an méid a bhí láithreach agus tar éis feuchaint do ar an méid bídh a bhí dhóibh, scaoil sé le na theangain mar seo leanas:-
Is minic a d'airigh mé trácht ar thig Uí Bhriain,
As ní rabhas ann riabh dtí anocht.
Acht d'réir mar mheasaim do'n mbradán is do'n bhfiadh
Beidh an dá-thrian go feoil anocht.
Bhí níos mó feóla sa tig nó chonnaic an fear so mar bhí caora mhór dhubh i gcóir chun ithte i gan fhios do. D'airigh fear-a-tighe an iarracht(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male