School: Garrán Bán, Dúngarbhán

Location:
Garranbaun, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Maolchatha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garrán Bán, Dúngarbhán
  2. XML Page 148
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá Loch Chrothaigh ar sléibhte an Chomaraigh, Loch an Stola an sean-ainm do bhí uirthi.

    Tá Loc Chrotaigh ar Sléibhte an Chomaraigh, Loc an Stola an sean-ainm do bhí uirthi. Ropaire do ba eadh an Crotaigh agus is istigh in uaimh atá ag Bun an Stola a bhíodh sé ar theiceadh óna saighuídirí Shasna. Rughadh ar sa dheire agus crochadh é go puiblí ar chroich i pPortláirge ar an 16adh lá de Bealtaine sa bhliain 1742.
    Nuair a bhí sé ar an gcroich d'fheuch sé na thimcheall agus d'iarr sé. "An bhfuil aoinne annso ó an Comaraigh ?
    Níor leabhair aoinne ach fé cheann tamaill leabhair an Chrochaire agus dubhairt sé: " Ó Chill Rusanta mise". D'fheuch and Crotaigh air agus dubhairt sé, "Aoinne ach tusa" Do chrocadh annsan é agus níll fhíos ag aoinne cá bhfuil a chuid óir i bhfolach.
    Ach deirtear go bhfuil sé curtha in áit eigin idir Baile an t-Sléibhe agus an Coitín. Deirtear nár droch-fhear é in aon chor mar bhí sé an-mhaith do na daoine bochta.
    Tá radharc breágh le feiscint ó bharr Stola Chrotaigh. Tá rann ag na sean-daoine ag cuir síos air agus deirtear guirb é an Chrotaigh féin do chum é:

    Is breagh an radharc do chím óm leaba
    Cnoch Maoldomnaigh agus Cnoch an Bhainne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish