School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 279
  3. XML “Cill Chartha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    pobail ar na Caislíní agus tá na ballai le feiceáil annsin go fóill.
    Chualas sean bhean ag innse (Maire Ní Mhuireadhaigh a fuair bás 1911 in aois 77) gur chualaidh sise scéal ag na sean daoine fa shagart áirithe atá curtha annseo. Dar leobtha-san gur naomh a bhí ann na nuair a fhosgladh a uaigh uair amháin fuarthas a chorp comh h úr leis an lá a cuireadh é cé go rabh sé n céadta bliadhan curtha.
    Bhí sean rann ag innse cia 'n áit a rabh sé curtha ach níor chualas aici acht an giota seo. -
    "In úir Chartha tá mise i gcill
    Taobh o' dheas de'n teampull."
    Tá turas ag baint leis an áit seo (Turas Cartha, siubhaltear an turas seo gach bliadhain ar an 4rú lá de Mhárta. Tá cuig toibreacha beannaighthe a chaithfear duine dul thart ag déanadh an turais dó. Seo mar gnídhthear an turas:-
    Téidheann duine ar a ghlunaibh ins an chóirneal ar áit a rabh an altóir na seasamh agus deireann se cuig paidir agus cúig Aibhe Máireá. Indhiaidh na paidreacha sin éirigheann sé agus é ag triall ar tobar Cartha atá fa thuairim dhá céad slat ar siubhal faoin bhealach úr.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Location
    Cill Charthaigh, Co. Donegal