School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 329
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is iomda bliadhan na diaidh sin a mheath na preátai. Bhí ganntanas go leor sa cheanntar seo ó 1879 go 1888 na 1889.
Nuair a bhí Balfour thart annseo am eighinteacht fa’n am seo, bhí boichtíneacht go leor ag gabhail. Tugadh siar fan Caiseal é go bhfeiceadh sé le na shúlaibh féin goide mar bí an cás. Bhí fear amháin agus nuair a chualaidh sé go rabh Balfour ar a chois agus bhfeidir go dtabharadh sé cuairt air, goidé rinne sé acht síos ‘na chladaigh leis gur thogh sé bascoid feamnaighe. Bhruith sé í agus craith sláman míne buidhe fríthí. Bhí an t-óras leagtha ar chlár agus mo dhiúlach cóis na shuidhe ag ithe nuair a shiubhail Balfour asteach. Tá mé ag smaointuighadh gur lúb na cosa fada aige nuair a chonnaic sé an tráth bídh a bhí as coinne an chleasuidhe.