School: Edenfinfreagh (roll number 8901)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Conn Mac Diarmada
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1053, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1053, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Edenfinfreagh
  2. XML Page 133
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Nuair a bhí o Dómhnaill i na chómnuidhe i nDún Na nGall ba gnáth leis a bheith amuigh fa na sléibhte ag seilg agus corr-uair ag amharc uaidh.

    Nuair a bhí o Dómhnaill i na chómnuidhe i nDún Na nGall ba gnáth leis a bheith amuigh fa na sléibhte ag seilg agus corr-uair ag amharc uaidh. Bíodh gearan bréagh bán leis. Lá amháin nuair a bhí sé amuigh thainig ceó air agus chuaidh sé ar seachran. Ní rabh - fhios aige ca raibh sé ag dul. Thainig sé fhad le teach. Stop sé an béathadhach agus sgairt sé an rabh aon dhuine istigh. Dúbhairt gasúr a bhí istigh go rabh fear go bith agus ceann capaill istigh. Dfhíafruigh O Dómhnaill an rabh tuile san abhainn. Dúbhairt an gasúr go bhfuigheadh se anonn tirim ar áth a bhí thíos annsin. Chuir O Dómhnaill an gearan a chos-anáirdeag tarraingt ar an abainn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seamus Mac Gíonntaigh
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Mhéala, Co. Donegal
    Informant
    Séamus O hEarcainn
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Mhéala, Co. Donegal