Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Donegal
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Scéal Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá roimhe lá Shamhna bhí fear amuigh ag baint phreataí, agus chonnaic sé fear ag tarraingt air, agus chuir sé a uille ar an spád ag amharc air. Arsa an fear a bhí ag teacht: shíleá go bhfuil iongantas ort mé a fheiceál ag teacht "Tá", arsa an fear eile,"no sílim gur bliadhan agus an lá indiu a bhí mé ar do thórraimh". "Ó" arsa seisean "chán fhuair mise bás ar chor ar bith, acht thug na sidheágaí leobhtha mé. Bhí mé mo shuidhe ins an doras druidhte agus mé ag amharc ar mo bhean ag caoineadh ós cionn an cuirp á bhí ins an leabaidh; agus gan a dháth aicí acht smútán maide. Can fhághann leath na ndaoine bás arsa seisean. Chuir an rígh atá orainne arsa seisean, mise annseo chugat-sa. Tá sé fhéin le pósadh agus ba mhaith leis bean a fhághail, agus tá bean le pósadh i gCúige Uladh arsa seisean, agus bá mhaith leis an rígh í á bhaint amach agus arsa seisean chá dtig leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann