School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beannuighthe í. Thug siad abhaile go dtí teach an mhaoir í agus rinneadh tórramh dhá oidhche agus dá lá sa teach agus annsin cuireadh ins an reilg ag an dtobar bheannuighthe í.
Thainig an cheannuighe ruadh go dtí teach an mhaoir arís agus bhí an caiptín luinge roimhe. Bhí fáinne óir mhéar an chaiptín agus dubhairt an cheannuighe ruadh gur dheas an fhainne é, [?[ go raibh ceann aige féin chómh deas leis. Dubhairt an chaiptín leis, an fhainne a thabhairt dó chun é a fheiscint. Nuair a chonnaic an chaiptín an fhainne bhí fhios aige gur fainne a mhná féin a bhí aige. Thóg sé anuas gunna agus mharbhuigh sé é. An dara lá chuireadh ins an uaigh é. Oidhche an lae a chuireadh é, tháinig na fiadhna anuas an gcnoc agus thógadar an corp suas ó'n gcré. Bhí fhios ag gach duine annsan nach san uaigh ceart a cuireadh é.- Collector
- Áine Ní Cuideagáin
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo