Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Donegal
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 10

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 10

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 10
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    garda eile lá-na-bharach agus d'fiafruigh sé fhéin gárda eile agus thosuigh an gasúr ag innse. D'innis an gasúr do gur mharbh siad é agus gur chur siad é 'san gharaidhe. D'fiafruigh an gárda dó'n ghasúr an rabh spáid aige, dubhairt seisean go rabh. Thug siad leobhtha an spáid dul a fhosgladh an uaigh. Nuair abhí siad ag polladh síos d'fiafruigh an gasúr dó'n garda a rabh dhá adheirc ar an gárda 's aigesan. Dubhairt an gárda go rabh. D'fiafruigh sé do an rabh ruball air agus dubhairt an gárda go rabh. D'fiafruigh se do an rabh ceithre cosa air. Dubhairt an gárda go rabh. Caith an gasúr amach an gabhar agus dubhairt sé leis an gárda, "sin chugat anois agus tabhair leat é." Dubhairt an gárda leis an ghasúr arbh é sin an gárda a mharb sibhse. Dubhairt an gasúr gurab é agus go gcaithfidh sé gurab an diabhal abhí ann. Bhí sé 'na ghárda nuair a mharbh muidinne é agus tá sé in a bhoc ghabhair aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Aoidh Mhic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Donegal