Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Donegal
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 14

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 14

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 14
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acú. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bith annsin. Rinne an tríomadh fear iarracht ach ní rabh seisean ábalta é a dheánamh ach oiread. Bhí a fhios ag an fear a dhíol an hata leo go dtiocfadh siad agus go marbhóchadh siad é. Bhí sé déanta suas aige féin agus a bhean.Mharbh sise cearc agus chonbhuigh sí an fhuil. Nuair a thiocfadh siadsan bhí seisean le sgin a fhághail agus leigint air fhéin go sáithfeadh sé an sgin 'san mhnaoí. Bhí sise leis an fhuil a dhoirteadh anuas uirthí fhéin. Rinne siad san ach nuair a tháinig na fir annsin fuair seisean feadóg agus shéid sé isteach i gcluais na mná é. D'éirigh sise in a seasamh arais. Shíl siadsan go rabh sí marbh agus go ndhearn seisean beo arais é. Rinne siad amach go gceannóchadh siad an fheadóg uath agus cheannuigh siad é dhá céad phunta. Nuair a chuaidh siad na bhaile fuair siad sgin agus sháith siad in a gcuid mná iad. Annsin fuair siad an fheadóg agus chuaidh siad ga shéideadh isteach in a gcluasa ach ní rabh gar ann. Bhí an fear ag deánamh amach go marbhóchadh siad é aráis anois. Fuair sé suas ar chnoc agus fuair sé greim ar dhá coinin. Chuir sé ceann acú faoí chliabh 'san theach agus nuair a chonnaic sé siadsan ag teacht thug sé leis an ceann eile suas i gcúl a'toighe. D'fiafruigh siad do mnaoí ca rabh sé ar an cnoc agus ma bhí sé de dith ortha go rabh teachtaire aicí le cur fa-na-choinne. Chuir sí ar an coinín agus tháinig seisean aráis agus an coinín eile leis. Shíl siadsan gurab é an coinín a d'imthigh abhí ann. Ceannuigh siad an coinín ar trí céad phunta. Lá amháin bhí siadsan ar an aonach agus rinne siad dearmad do a gcuid airgead. Chuir na daoine abhí 'sa bhaile an coinín ar shiubhal leis an t-airgead. D'imithigh an coinín leis ach ní tháinig sé aráis nó ní bhfuair siad an t-airgead. Nuair a tháinig siad na bhaile d'fiafruigh an bean dobhtha na bhfuair siad an t-airgead agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1359: The Husband Outwits Adulteress and Paramour
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Mongail
    Inscne
    Fireann