Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. An Bulba
Deirtear go ndéarn Colm Cille targaireacht go
mbaidhfidhe fear 'san bulba. Deir daoine eile gur trí capaill bhána a bhí lé báthadh ann.
2. Páirc an Dochtúra
Rinne Colm Cille targaireacht fán pháirc seo nach gcaillfeadh muinntir Ghleann Doimhin comhraic nó troid ann go brathach.
3. Bachta Monadh
In am bhí an namhaid air thóir Cuilm Cille bhí sé ag dul frid portach. Ní thiocfadh leis dul tras na bachta monadh a bhí in na bhealach. Ní rabh céim le fagháil in áit ar bith aige lé na chos a chuir air. Chuir sé a mhallacht annsin air duine ar bith nach bhfagadh céim agus iad ag baint bachta monadh.
4. Bealach Mór Gaoth Bearta
Dubhairt Colm Cille nach mbeadh an bealach mór eidir Gaoth Bearra agus Gleann Doimhin gan bacach a bheith air.
5. An Dá Broga a Chuir Ort Le Chéile
Bhí an námhaid ar thóir Colm Cille. Tháinig siad isteach i dteach Colm Cille. Bhí sé ina shuidhe agus é ag cuir a chuid broga. Bhí brog amháin air agus bhí an chos eile costarnocht. Bheigin do Colm-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní hEarlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Chrainn, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hEarlaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Chrainn, Co. Donegal