School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 141
  3. XML “A Liam a Thaiscidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Níl moran ins an sgéal beag seo, act amháin go dtabhaireann sé dúinn ainm de chuid mhaith de achan ball den chorp. Tá cuimhne maith agam an t-am a bhí mé óg agus cosamhail le achan paistí eile char mhaith liom m'aghaidh a fhaghail nighthe no mo ghruaigh ciorthadh. Ba gnathach le mo mhathair an sgéal seo a innse domh agus dfanfainn go breágh socair fhad agus bhiodh sí ag innse an sgéil. Bhí eagla orm fosta go dtiocfadh Liam orm, agus ar adhbhar sin ní rabh moran troiblid ar mo mhathair liom. Seo an sgeal.)

    Ins an am fado na ceadtaí bliadhna o shion bhí sean-bhean no chomhnuidhe leithí-fhéin i gcró beag toighe ag bun chnuic. Bhí tuirne aicí agus bhí sí i dtolamh ag sníomh fa choinne an seo no fa choinne an duine siud. Fhad agus bheadh sí ag sniomh bheadh sí i dtolamh ag cainnt leithi-féin agus abrachochadh sí, "Tá mé annseo gan fear, gan paistí, gan chara! An rabh bhean ar bith ar an domhan ariamh comh h--uaigneach liom. Nach mór an truagh nach bhfuil fear fhéin agam. Och! is mairgh a bheith beo." Bhí sí ag ghabhail ar aghaidh ar an dhoigh seo ó lá go lá ó sheachtain go seachtmhain.
    Tráthnóna amháin tháinic sí abhaile o'n aonach - an áit a rabh sí ag díol an snath a bhí deanta aicí - agus roinnt maith airgid leithí. Thug sí an tuirne. Chuir sí ar leac teineadh e agus thoisigh sí ag mairginigh mar ba gnath. Dubhairt sí "Nach mór an truag nach bhfuil fear agam cosamhail le gac mnaoi eile thart fa'n áit."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir