School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 210
  3. XML “Séamus Ó Domhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am fadó bhí fear na chomhnuidhe comhgarach leis an Port na Blathach, ar bhruach Cuain na Long dar ainm Séamus O Domhnaill. Fear iontach mór láidir a bhí ann agus ní rabh eagla air roimh rud ar bith. Bhí giota beag de thalaimh briste aige ar bruach na fairrge. Bhí sé posta agus bhí bean agus deicir pairce aige ag an am atá me ag cainnt fa dtaob. Sé m'athair a chualaidh mé ag innse fa dtaobh Shéamuis. Cha rabh cuimhne aige air acht bhí chuimhne maith ag m'athair mór ar Shéamus gidh nach rabh cuimhne aige air an am a tharlaigh an tubaiste dó. Ar an adhbhair sin chaithfidh sé a bheith níos mó no 150 bliadhna ó sion ó tharluigh an rud atá mé ag dul a scríobhadh fad dtaobh dó.
    Dubhairt mé go rabh giota beag de thalaimh briste ar bruach na fairrge ag Shéamuis, acht cha rabh a dath a mhaith ann, le e-fhéin agus a bhean agus deichir phaiste a coinneal suas. Ar an adhbhar sin beigean dó dóigh eile a faghail le na mbeatha a bhaint amach. Nuair a bhí obair an earraigh agus an fhoghmhair deánta aige chaith se an cuid eile de'n bhliadhain ag iasgairacht. Bhí troisc, sgadaen agus iasg eile íontach flúirseac agus bhí Séamus amuigh ag iasgaireacht o cheann go ceann na seachtmhaine. Bliadhain amhain bhí troisc fairsineacht ar fad, agus lá amháin i lár an Lúghasa, chuaidh Séamus amach leis-feín ins an cuarach bheag a bhí aige agus chuaidh sé amach níos mó no míle de'n thuascirt de Buda Crapain - ceann de Corain Binne, - agus ní rabh cuarach ar bith eile leath comh fada amuigh agus bhí Séamus. Bhí eisc mhaith ar an h-iasgaí an maidín ceadna agus ní rabh a bhfad go rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir