School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 165
  3. XML “Scéal Dhonnacaidh Uí Bhrógain - An Bhean Bhán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Bhí fear eile na chomhnuidhe i mbaile sagainne dar ainm Dhonnacaidh Uí Bhrógain. Thiocfadh seisean ag áirneal go thig sagainne anois agus arais fosta. Sean-fhear a bhí ann, comhgarach le 80 bliadhain de aois nuair a bhí mise beag agus ag dul na sgoile. Ní rabh focal Béarla ag Dhonnacadh ar scor ar bith, acht bhí Gaedilg iontach deas agus maith aige agus bhí sgealta ar mhullach sgéalta aige. Is mór an truaigh go rabh mé ro óg ag an am na sgealtaí a fhóghlum. Rinne me dearmadh ar na sgealtaibh fhada a bhí ag Dhonnacadh agus leóga níor chuir na daoine moran aird ins na sgealtaibh nuair a fuair an leitheadh de Dhonnachaidh bás. Tá sé marbh anois fa tuairm, 35 bhliadhna, - go ndeanaidh Dia trocaire ar a ainm - agus smaointeadh me indiu ar sgéal a d'innis sé damh Dia Domhnaigh amhain cupla bhliadhain sul a bhfuair sé bás.)

    AN BHEAN BHÁN
    Tráthnóna Dia Domhnaigh dheas amháin ins an t-samhradh bhí mé ag bogadaigh thart mar badh gnathach liom ag an am sin. Shiubhal me suas fríd na gcroc, agus nuair a bhí mé ag teacht na bhaile chuaidh me isteach id teac Bhrógain le cainnt beag a deanamh leis an sean-fhear. Bhí Donnacadh 'na shuidhe ag an teinidh ag cathamh toite. Chuir se beannacht agus faitle romham agus deir sé orm a shuidhe síos ins an choirneal. Thoisig muid ag cainnt fa dtaob do mín rudaí ach bhí fhios ag Donnacadh go rabh dúil mhór agam i sgealtaí agus arsa seisean
    "Ar chualaidh tú ariamh fa dtaob da an oidhche a thainig an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Donnacadh Ó Brógain
    Gender
    Male
    Age
    c. 80