School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 267
- XML “An Tiarna Talaimh Nixon”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thall ar an iarthair de'n pharóiste seo tá teach deas ann dar ainm Heathfield. Áit iontach deas ar fad atá ann le coilltibh thart fa dtaob do. Níl duine ar bith na chomhnuide ann anois acht corr am anois agus arais ins an t-Samradh. Bordaigh ar 80 bliadain ó sion no b'feidir níos mo no sin, bhí tighearna talaimh na chomhnuidhe ins an Heathfield dar ainm Nixon. Droch tighearna talaimh a bhí ins an fhear seo, agus da reir ach a'n sgeál bhí se comh h-olc le Liathdhruim. Bhí sé ag cur an-chíos ar na daoine bochta, agus nuair nach rabh siad ábalta an cíos trom seo a dhíol chuir sé na daoine bochta amach agus dhóigh se a gcuid teach.Ar an adhbhar seo bhí fuacht mór ag na daoine thart fa'n áit ar an tighearna talaimh seo, acht is cuma leis. Char leig sé a dhath air-fhéin ac chonbhuigh se a bhealach-fhéin, agus bhí sé ag éirigh níos measa agus níos measa agus cha rabh fhios ag na daoine caidé dheanfeadh siad.Dia Domhnaigh amháin i dtus an Samhraidh chuaidh an Nixon seo go dtí an Teampall Ghalda ag an Raithe. Bhí a chóiste leis agus gan duine ar bhith ann acht e-fein agus an tiomináidhe. Chuaidh siad isteach san Teampall agus d'fág siad an cóiste i gcois an bhealaigh moír. Bhí leir catoilidhe na gcomhnuidhe thart fa'n áit agus thug siad fa dear go dtáinic trí mna síos an bealac mór agus seas siad tamall ag taob an chóiste ag cainnt agus(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir