School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 245
  3. XML “Seanáiteacha i gCluain Dá Chorcach”
  4. XML “Sagairt den Aimsir Pheannaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I gceart-lár an sean róilig ag an Chluan Da Chorcaigh tá leach os cionn uaigh, agus seo an rud atá scriobhthu ar an leach sin, (Se i mBearla atá sé scriobhtu)
    "Pray for the Soul of the Rev Enos McBride who died 31st January 1793 aged 84 years. R.I.P.
    Cuir i gcas gur bhaineas muid 84 as 1793 tcidheas muid gur rugadh Eanos san bhliadhain 1709. Sé sin i lár aimsir an bhainrioghain Áine, agus ar an adhbhar sin chaithfidh se a behith beo, nuair a bhí an Dlighe Peannaideacha a badh mheasa a bhí againn ariamh ann. Ag an am sin ní rabh chéad ag Gaedheul óg ar bith ag dul na scoile, agus shaoil an muintear Galda ní beadh Sagart ar bith ins an tír roimh a bhfad.
    D'éirigh Eanos Mac Ghiolla Bhrighde suas, da reir a cheile, gasur ciuin cliste a bhí ann gan moran le radh, acht thug daoine fa dear go rabh se i dtolamh ag smaointeadh agus ag meabhradh. Ghid nach rabh scoil ar bith thart fa'n áit a mbeadh sé ábalta a dhul le foglam a deanamh is íontach an rud é nuair a bhí sé oct bliadhain dheag de aois bhí cuid maith foghlaim aige, agus chuirfeadh duine ceist caidé an dóigh a fuair sé é? Togadh Eanos comhgarach le cnamha an t-sean-mhainistear Cluain De Corcaigh agus ghidh gur dóigeadh an mainistear san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir