School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 447

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 447

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 447
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b'ainm Séamus Ua Frighill 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gConndae Dhúin-na-nGall.

    (continued from previous page)
    ar. An tráthnóna roimh oidhche Shamhna bhí Séamus amuigh ag cuartughadh seamróg na gceithre nduilleóg. Bhí sé ag cuartughadh ar fé tamall fada agus ní thiocfadh leis seamróg ar bith a fhághail, ach sa deireadh chuaidh sé suas go dtí mullach carraige. Ar mhullach na carraige fuair sé seamróg. Thug Séamús na bhaile leis í. Nuair a bhí sé ag ghabhail a chodladh chuir sé faoi na cheann í. Go luach ar maidin lá ar na bhárach do mhusgal an mhnaoi Séamús agus d’fiafruigh sé da an rabh brionglóid aige. Dubhairt Séamus go rabh agus go rabhas aige cá rabh an t-ór. Dubhairt sé go rabh seacht bpotaidhe ór a bhfollach shuas ar bhárr a chnoc fhéin. An oidhche na dhiaidh seo bhí cuid de na comharsannaí istoigh ag áirnéal i dtoigh Shéamuis. D’innis mhnaoi Shéamuis an sgéal dóbhtha, agus sgab siadsan an sgéal ó béal go béal. Tháinig oidhche Nodhlag d’imthigh Páidín agus Séamús suas go bárr an chnoc go dtí an áit a rabh an tór thóisigh siad ag cuartughadh. Sa deireadh fuair said an t’ór abhaile. Ach nuair a chonnaic sé arais ní thiocfadh leis a athair a fhághail. Thóisigh sé ag sgairtigh a ní bhfuar sé freagar ar bith. D’amharc sé isteach sa pholl. Chonnaic sé a athair na luigh marbh astuigh sa pholl agus a chuid éadaigh lán fuil. D’imthigh Páidín na bhaile go brónach, agus nuair chualaidh a mháthair é bhí brón mór uirthi. Tugadh an corp na bhaile agus chruinnigh na chomharsannaí isteach agus rinne siad faire ar. Indhiaidh seo ba ghnáth le Páidín a bheith ag iasgaireacht i mbad a athair, agus sin an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Néill
    Gender
    Female