School: Áth Cinn (B) (roll number 14047)

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth Cinn (B)
  2. XML Page 0006
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) An rud nach mbaineann leat ná bain dó
    2) An t-uan ag múnadh méidhlighe dá mháthair
    3) An té a bhíos ag magadh bíonn a leath faoi fhéin

    4) Bean mhic is máthair chéile mar bheadh cat is luch le chéile.

    5) Beirt ag troid a's iad ar aon scéal
    6) Bean, muc is múil, na trí neithe is deacra a mhúnadh

    7) Beatha duine a thoil dá dtéigheadh sé in a chodladh in a thriosgadh

    8) Dúnadh an dorais taréis na foghla

    9) Domhnall ar meisge a's a bhean ag ól uisge a's na páisdí ag géneadh, ag sgreadadh agus ag béiceadh (?)

    10) Dearbhráthair do Thadg Domnall a's mac do Dhomhnall Billí

    11) Fághann (gheibheann) cíaróg, cíaróg eile amach
    12) Gheibheann na ba bás, fhaid is bhíos an féar ag fás
    13) Is fearr suidhe gearr ná seasamh fada
    14) Is fearr féachaint romhat nó dhá feacaint id' dhiaidh
    15) Is geall le sgíth malrait oibre
    16) Is minic a bhain bean slat a bhuail siar faoi an mbéal í
    17) Is minic nach é an capall is fearr tógann an rása
    18) Is minic do bhris teangue duine a shrón
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gairbhín
    Gender
    Male
    Address
    Headford, Co. Galway