School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Díoghaltas na nDaoine MaitheBhí bean tíghe ann fadó a bhí in a cóinnuidhe in aice le Sliabh na mBan, agus níor rugadh ariamh bean a bhí chomh gar di féin léithe. Oidhche amháin tháinig fear den tsídhe ag an doras. ‘’An bféadfá iasacht sciléad a thabhairt dhom, a bhean chóir’’, ar seisean. ‘’Tá bainis sa lios agus táimid gann i sciléad’’. An dtiubhraidh mé ceann dhó’’ ars an cailín aimsire. ‘’Tuige nach dtiubharfá’’, arsa bean an tighe. Acht nuair a bhí an cailín aimsire ag breith ar sciléad le síneadh chuige, bhain bean an tíghe sciolpóg aisti agus chuig cogar in a cluais. ‘’Ná tabhair é sin dhó, a cheann gan céill. Tá ceann annsin atá a’ leigean thríd agus tá na daoine maithe deas-lámhach agus ní baoghal go gcuirfidh siad ar ais é gan é a dheasú. Sin sé pighne sábháilte againn ar thincéaracht.’’ Rinne an cailín aimsire mar dúbharthas léithe, ghabh an firín buidheachais léithe agus ghlan leis. Ní mórán achair gur cuireadh sciléad chuca ar ais agus gan poll na pruchóg air. Taca ama suipéir líon an cailín aimsire an sciléad le bainne(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway