School: Corr an Droma

Location:
Corrandrum, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Míodhcháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corr an Droma
  2. XML Page 0260
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bréaghtha na an ceann a rinne sé. Nuair a bhí sé críochnuighthe aige thug an mháighistir duais mhór dhó ar son a chuid oibre agus dubhairt sé go raibh an-bród gur casadh air é. Sgar an bheirt buidheach beannachtach ó chéile agus dubhairt an Gobán Saor go dtiocfadh sé abhaile go h-Éirinn. Nuair a tháinig sé abhaile bhí mhí-shásamh mór air mar nach raibh aon mhac aige acht clann inghean uilig go múineadh sé an ceird dó. Tar éis tamall géarr a chaitheamh sa mbaile dubhairt sé le na mnaoi go gcaitheadh sé imtheacht aríst go Baile Átha Cliath le caisleán a dhéanamh do dhuine uasal ann, agus dubhair sé léithe, "Nuair a thiocfas mé ar ais b'féidir le cóngnamh Dé go mbeadh a mhalairt de sgéal agat le innsinn dom a thóigfeadh mo chroidhe. Bhí fear ina chómhnuidhe tuairim is leath-mhíle ó theach an Gobán. Bhí an abha eatorra. Bhí murigan mór de chlann mhac aige gan aon inghean ar bith a bheith aige. Ó tharla go raibh an sgéal mar sin rinne an fear sin agus bean Gobán mhalairt páistí agus ní raibh a fhios sin ar bith ag an Gobán. Nuair a tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Sgiréud
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Kilgill, Co. Galway