School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0421
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dhéanfadh sgeal ort" ars an sean-fhear. Cé'n cainnt sin ort faoi'n sgioból ná ag rámhailligh atá tú, céard a bheadh sa sgioból." "Tá fhios agat féin chómh maith liomsa. Nach bhfaca mé aréir thú. Shíl tú nach bhfaca éinne thú agus tú ag marbhuighadh na caora, agus an fhuil sméartha thart ar an áit." Bhí aghaidh na beirte dírighthe ar an teine i rith an ama agus ní fhaca siad an póilidhe a bhí ag an doras ag éisteacht leis an gcainnt seo ó'n sean-fhear gur labhair sé. Bhí beirt eile agus maor an tighearna taobh amuigh agus an chaora marbh fáighte aca acht sháruigh ortha an craiceann a fhághail. Isteach leo agus cuireadh glaslámh ar Mhicheál agus tugadh ar siubhal é go príosún go dtigeadh lá na cúirte. Tháinig lá an cúirte agus tugadh an sean-fhear ann lé mionnúghadh in aghaidn a mhic. Ní fuair Micheál aon priosún. Ba buidheach éadtrom croidheach an beirt iad Micheál agus a athair an trathnóna sin mar dubhairt an sean-fhocal, Is goire cabhair Dé ná an doras. Ar sroichint an thígh doibh céard a bhéadh rómpa acht litir ó Mheiriocá agus seic maith innti. Chuir sín ar na(continues on next page)
- Informant
- Cáit Ní Oisín
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- Anbally, Co. Galway