School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0437
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhí Naomh Pádraig ag siubhail Éire bhí siad ag fiafruighe do céard a dhéanfad Éire gan dochtúir.”
Nuair a bhí Naomh Pádraig ag siubhail Éire bhí siad ag fiafruighe do céard a dhéanfad Éire gan dochtúir. Tháinig sé chomh fada le áit a bhfaca sé garraidh breágh gabáiste curtha: -
"Anois" adeir Naomh Pádraig , "ní theastóchaidh aon dochtúir in Éirinn." "Tuige" adeir fear. "An fhad" adeir sé, "is atá siad ag cur gabáiste, ní baoghal dóibh. Níl aon phréamh in aon chupóg gabáiste dá bhfuil annsin nach bhfuil leigheas ann, agus má ghníonn siadh é sin a choinneál agus úsáid a dhéanamh dó ní theastóchaidh aon dochtúir uatha."
"Cé'n sórt uair " adeir Naomh Pádraig leis a' bhfear, "a bhíodh agaibh annseo in Éirinn"-
"Bhíodh Geimhreadh ceoblach " adeir sé, "Earrach reodhmhar, Samhradh riabhach agus Fóghmhar grianmhar".
" Bhí Dia go maith dhíbh" arsa Naomh Pádraig.
"Ó, ná bac thusa le Dia," adeir an fear , " ach bhí muid-fhéin go maith dhá chéíle.- Informant
- Sean an Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway