School: Garrdha (roll number 12721)
- Location:
- Garra, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garrdha
- XML Page 0009
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí agus bhí ceathair mac aige. Bhí siad an-bhocht.”
(continued from previous page)Thainic an gaduidhe amach agus thóig sé suas a cheann agus leag sé anuas ar a gcarraigh é agus thug sé an lad isteach sa luing agus níor airigh sé é. Boil, bhí siad an-fhad imthighthe annsin leis an luing. Dhúisigh an fathach agus chuir sé blaogh as agus d'eirigh sé sa spéir agus níor airigh siadh é go raibh sé os cionn an luing. D'aimsigh an foghlaerí é agus rinne sé dhá leith de thuas sa spéir agus thuit a leath síos sa luing agus rinneadh dhé leith de'n luing.
"Táimid báidte, " adeir an gaduidhe.
"Foighid", adeir an táilliúr.
Tharraing sé amach a shnáthadh agus d'fhuagháil suas an luing aríst agus thug siad abhaile ingean a ' ríogh.
"Seo d'ingean anois, " adeir an stargazer,
" agus is maith atá sí ceannuighthe agam". " Meireach mé bhí tú gan í " . "Boil", adeir an gaduidhe, "meireach mise ní bheadh sí chor a'bith agat "
"Agus bhí sí marbh meireach mise, " adeir an foghlaerí.
"Agus ", adeir an tailliúr ," bhí sibh ar fad báidhte meireach mise. "
"Boil", adeir an righ , is deacair é a shocrú eatraibh. Tá sibh an fad chomh maith le n-a chéile agus bhéarfa mé leath mo tíoghacht agaibh agus ná bacaidh leis a' mBean óg."
Agus tá siad thíos i mBaile an Ródhba anois agus teach ósta acu.- Collector
- Liam Ó hAnnracháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mícheál Mac Aodha
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Garra, Co. Galway