School: Cloch an Uabhair (roll number 14448)
- Location:
- Cloghanower, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch an Uabhair
- XML Page 0008
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhi Liam Breathnach ina chomhnuidhe i gClár na Gallimhe.”
Bhí Liam Breathnach in chomhnuidhe i Gclár na Gaillimhe. Thóg na sidhéoga é dhá uair gach bliain. D'innis sé go minic an scéal sin dó m'athair agus an t-am a mhair sé leo. Fá dhó san mblian tháinigh tinneas air agus sa trathnóna chuala sé na sidheoga ag teacht. Chuaidh siad isteach go dtí Liam agus thóg siad Liam leo. Chuir na sidheoga sean-fhear eile in-a áit. Budh cosamhail le Liam é acht níor labhair sé le aon duine a bhí sa teach. Thóg na sidheoga Liam go cnoc in aice le Clar na Gaillimhe. Ins an áit sin bhí siad in a gcomhnuidhe. Bhí siad ag rinnce is ag seinm ceoil acht ní dhearna Liam aon rud a dubhairt siad leis agus sin í an chaoi ar shabháil sé é féin ó bheith in a shideoig i gcomhnuidhe. Annsin bhuail siad Liam agus nuair a tháinigh an trathnóna leig siad Liam abhaile agus maidin(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Giollarnath
- Gender
- Male
- Address
- Cloghanower, Co. Galway