Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghoid na sidheóga uaidh í agus sean asal ina h-ionad. Bhí fhios ag Aodh gurbh iad a ghoid í. Chuaidh sé soir go dtí an cnoc agus bhí róipe tuighe aige. Tháinig na sídeóga amach aige d'fhiafraigh siad de céard a bhí sé ag dul a dhéanamh agus dubhairt sé leobhtha go raibh sé leis an gCnoc a lasadh agus go ndóghfadh sé ar fad iad mar a dtiubhrfadh siad an bhó dhó. Leig siad amach an bhó annsin aige agus thug sé leis abhaile í agus bhí sé an saidhbhir ina dhiaidh sin.Cathair Ghamhainn nó Cathair Gabhainn - Baile Fearainn atá i bparróiste Bhaile Cláir na Gaillimhe agus sé Cnocán Droighnín an t-ainm atá ar chnocáns atá ar an mbaile sin.
- Faisnéiseoir
- Seaghan Ó Nuadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 72
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. Galway