Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Luan. Ní ceart do dhuine é féin do bhearradh ar an Luan mar deir na daoine "nach maith lomadh Luain". Ní ceart an luaith a chaitheamh amach ar an Luan. Má bhíonn corp le cur ar an Luan oscailtear an uaigh ar an Domhnach nó baintear preab dí ar a laighead.
An Aoine. Deirtear thart annseo nach ceart do dhaoinibh athrughadh isteach idteach nuadh ar aon lá acht ar an Aoine. Is maith le daoinibh tosnughadh ar na fataí do chur ar an Aoine. Déanfadh sé cúís scoilteóg amháin do chur an lá sin.
Nuair a bhíos duine ag dul ag obair le capall óg de'n céad uair is ceart dó tosughadh ar an Aoine.
An Satharn. Aon obair a thosnuightear ar an Satharn, mar treabhadh srl. deirtear go mbíonn moill uirthe sul dá mbíonn sí críochnuighthe.