Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0246
  3. XML “Cluiche agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San Earrach bíonn na buachaillí ag dul thart ar lorg neadracha éan.
    San Samhradh téigheann cuid de na daoine fásta ag snámh san abhainn.
    Bíonn buachaillí ag fiadhach coiníní le madraibh gach Domhnach agus bíonn cuid de na daoinibh móra ag fiadhach girrfhiadhthe le conaibh.
    Suim bliadhanta ó shoin bhíodh na daoine ag fiadhach girrfheaidhthe le gadhairibh beaga (Beagles), acht níl aon gadhair thart annseo anois.
    San bFoghmhar bíonn na cailíní ag baint sméartha dubha agus bíonn na buachaillí ag baint cnóithe a bhíos go fairsing san áit, mar go bhfásann an coll go tiugh ar na creagreachaibh.
    San nGeimhreadh déanann na buachaillí cliabháin éin de shlataibh coill nó sailleóige agus cuireann siad ins na garrdhantaibh iad le breith ar éanachaibh. Cuireann siad dris faoin gcliabhán le go searfadh an t-éan uirthe. Is air sin a tugtar an slaitín draoidheachta agus bhíonn ceann eile ar a dtugtar an slaitín bradach agus an gabhlóg. Nuair a sheasas an t-éan ar an slaitín draoidheachta léimeann an slaitín bradach as an ngabhlóig agus tuiteann an cliabhán anuas ar an éan. Annsin nuair a bhíos an t-éan istigh ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
    Bailitheoir
    Micheál Mac Goill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. Galway