Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0258
- XML “Nósanna agus Pisreoga a Bhaineas le hOíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósanna agus pisreóga a bhaineas le h-Oidhche Shamhna.
Deireann na daoine go mbíonn na sidheóga amuigh ar Oidhche Shamhna ag caitheamh smugairle ar sméarthaibh agus ar ghach cineál toraidh. Ar Oidhche Shamhna cuireann na daoine ubhla isteach i dtobán uisge agus an duine a thógfadh ceann aníos as ina bhéal bheadh cead aige é d’ithe.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ar cuairt ar Oidhche Shamhna. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé leipreachán faoi chrann. Chuaidh sé go dtí é agus d’iarr sé ór air. Dubhairt an leipreachán go raibh sé ag an mnaoi taobh thiar dhe. Acht níor fhéach an fear thart agus níor fhéad an leipreachán imtheacht. Sa deireadh dubhairt an leipreachán go raibh sé faoi an gcrann. Chuaidh an fear abhaile agus fuair sé láidhe agus sluasad agus thosaigh sé ag baint faoin gcrann agus fuair sé bosca agus shíl sé go raibh an t-ór aige. Acht ní raibh istigh san mbosca acht meanaithe agus bhí fearg ar an bhfear.- Bailitheoir
- Máirtín de Bháil
- Inscne
- Fireann