School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0291
- XML “Seán Ó Slataire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Ó Slataire.Bhí fear scaitimh ó shoin, 'na chomnuidhe imbaile na móinteacha míle beag siar ó Bhaile a' Chláir. Seán Ó Slataire ab'ainm dó. Ní raibh Seán saidhbhir ach bhí sé bocht, boct gan stór. 'Sé an t-slighe máireachtála is mó a bhí aige leasú agus deasú bóthar mór. Bhí sé pósta, Máire a b'ainm do'n bhean. Bhí muirghín mhór páistí air, agus bhíodh buachaill aimsire aige ag obair in éindigh leis ar na bóithribh. Bhí dearbh-shúir dó sa teach freisin. Brigidh ní Slataire a b'ainm dí. igCeann Scaithimh mar is ionndamhail, phós a dearbh-shúir, Brigidh. Agus sé'n áit a fuair sise an fear thuas in Árd na Raithnigh. D'fhan sí suas in éindigh le n-a fear nuair a a [!] bhí sí pósta. D'oibrigh Seán leis é fhéin ar na bóithribh. 'Sé bóthar a bhíodar ag deasú ó sheipéal Bhaile 'A Chláir go Tobair na Caillighe in Uaránmór.
imBéal an Fhoghmhair a bhí ann idir an speal is an corrán agus 'sé an áit a raibh Seán agus an buachaill ag obair(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway