School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0267
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cruadhtan
Long-briseadh.
Briseadh long trí-crainn ag "barr na h-Áirde" tuairim le dathad is a trí blian ó shoin. Bhí an long ag teacht isteach i gcuan na Gaillimhe agus ualach adhmaid uirthi. Bhí aon duine dhéag de mhairnéalaigh inti. Nuair a tháinig sé an taobh seo d'oileán Árainn, d'arduigh an ghaoth go h-árd. Ní raibh sí in ann a teacht isteach go béal an chuain tré neart stoirm. Chaith sí a greaféid amach faoi sléibhte Co. an Chláir ins an bhfáscadh. D'éirigh stoirm chomh mór gur tharraing sé na greaféid agus cuireadh suas ar pointe baile Thamhna í. Mí na Feabhra a bhí ann agus ba ghathach do mhuintir an bhaile an t-am seo den bhlian a dhul sa gcladach chuile maidin ag bailiú bualadh isteach feamainne. An mhaidin sin bhí timcheall cúigear duine dhéag agus pící ceithre ladhar acu. Chruinnigh na fir le chéile ag féachaint ar an soitheach. Nuair a chonaic na mairnéalaigh iad(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Beirn
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway