School: Tamhain (roll number 15679)

Location:
Tawin Island, Co. Galway
Teacher:
C. Bean Uí Thréinfhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0329

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0329

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tamhain
  2. XML Page 0329
  3. XML “Tá mé ar Muin na Muice”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mé ar muin na Muice.
    Ins an am fadó bhiodh na tailliúirí ag dul ó theach go teach ag déanamh éadaigh go speisialta ins an dtuaith agus tailliúirí tuaithe a tugadh ortha.
    Thuit sé amach aon uair amháin go raibh tailliúir ag déanamh éadaigh ag fear ar feadh seactmhaine 'na theach féin nuair a bhí sé réidh san oidhche Dia Sathairn chuaidh sé abhaile ag ceann a bhóthain féin. Maidin Dia Luain 'na diaidh sin chuaidh sé ag teach fear eile ag déanamh éadaigh dhó agus d'innis an fear an sgéal seo dhó. Ghoid mé muc ó'n a leithéidí seo d'fhear, Indé agus b'shin é an fear ceanann céadna a raibh an taillúir ag obair aige an t-seactmhain chuaidh thart agus ar seisean cloisim go bhfuil sé ag tigheacht ar a thóir indiú nó 'á cuartú. Tá sí crocta shiar sa seomra agus níl fhios agam cá cuirfidh mé i bhfolach í. Leag annseo i lár an urláir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Fathaigh
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tawin Island, Co. Galway