School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeal faoi thaidhbhise
Bhí fear ann aon uair amháin d'arbh ainm Peadar Ó Muláin. Rinne sé teach nuadh agus an fear a rinne an teach dó níor thug sé aon airgead dó agus fuair sé bás gan an tairgead a thabhairt do'n fhear. Bhí aon mhac amháin ag an bhfear agus lá amháin nuair a bhí an mac ag obair amuigh sa'n ngort chonnaic sé a athair ina sheasamh ó's a chomhar agus thuit an mac i lagair ar an talamh.
Nuair a tháinig sé chuige fhéin chuaidh sé isteach go dtí a theach agus d'innis sé dá mháthair go bhfaca sé a athair. Dubhairt a mháthair leis nuair a d'fheiceadh sé a athair arist fiafruighe dé céard do bhí ag teastáil uaidh. Lá éile agus é ag féachaint ar na caoirig chonnaic sé a athair aríst agus thuit an mhac i lagair aríst.
D'iarr sé ar cúpla buacaillí annsin dul leis agus nuair a d'fheicfeadh sé a athair íarraid air céard do bhí ag taistáil uaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhí na buachaillí leis chonnaic sé an tathair agus d'iarr síad ar an raibh rud ar bith ag taistéal uaidh. Dubhairt sé beobhfa [!] go raibh airgead aige lé thabhairt do'n fhear a rinne an teach dó agus é a thabhairt dó. D'imtigh sé ar an nómat sin agus ní fhaca an mac aríst é.(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Catháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Pollaturick, Co. Galway