School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 154
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí a gcuid cleas aca fadó chomh maith 's tá siad aca anois. Bhídís ag deanamh cisteóga deasa do na cearcaibh le beith ag breith ionnta. Bhíodh siadh ag bualadh báire sa gceanntar seo fadó i garrdha i Sruth-Sháile'na bhfuil carraig mhór ann agus deirtear nac raibh ach barr na carraige ós chionn na talamhain an tráth sin. Bhíodh na páisdí óga ag deanamh teach beag agus ag comhaireamh ceanabhán amuigh faoi'n gcnoc agus iad ag fosuidheacht beithigh. Bhíodar go maith ag deanamh teach deas agus hataí as luachmhair. Bhíodh na cáilíní ag deanamh fleasg as nóinínibh, agus ag deana babóg as fréamaibh de cupóigibh.
Bhíodh na daoine óga ag fiadhach uaireannta. Ní bhíodh con ná gunnaí aca mar bhíodar féin beagnach chomh sgafanta le aon ghadhar. Ta dán ag na sean-daoinibh i Sruth-Sháile faoi lá a ndeachadar ag leanúint bruic:
Bhí broc ag Ard na nGabhar,
Leanamar é chuig an "Tower"
As sin go Altóir Rathnaighe
Is rugamar air ag tortáinibh Gleainn Mhóir.- Collector
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Sorca Seóige
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Scrahallia, Co. Galway