School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 182
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Fhocla.
Níl mórán sean-fhocla ag na daoine thart annseo. Tá sean-fhocal ag na daoine thart annseo agus tá sgéal ag dul leis. "Nuair is cruaidh do'n chailleach caithfidh sí rith." Seo é an sgéal.
Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Baineadh an teach díobh agus b'éigin dhóib bóthar a bhogadh. Bhí an mac ag iomchur an mháthair. Ní rabhadar i bhfad nuair chonnaiceadar taidhbhise, leig sé síos í annsin agus rith sé féin. Rinne an cáilleach iarracht eirighe acht ní riabh sí i don.
Tá cúpla sean-fhocla eile aca; seo cuid aca. "Nuair is an greann 'seadh is fearr leigeann dhó." "Ní hé lá gaoithe lá sgolb."
Tá sgéal faoin sean-fhocail seo. "Ní hé lá n gaoithe lá na sgolb." Uair amháin bhí aimsear breagh ag na daoine ar feadh seachtmhaine. Bhí fear amháin ann agus bhí a theach ag leigeann tríd faoi cheal chíbe. Bhí an seachtmhain sin caithte agus i n-a dhiadh sin tháinig seachtmhain gaoithe. Chaith an fear an cíb chur suas an t-seachtmhain sin.
Tá sean-fhocal eile ag na daoine thart annseo. "Is fearr an troid ná'n t-uaigneas." Tá sgéal ag dul leis. Bhí bean agus a h-inghean i n-a gcomhnuidhe san áit seo uair amháin. Nuair a bhí an inghean fiche blian(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Lochlainn
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Scrahallia, Co. Galway