School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 187
- XML “Seanamhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán
“Seo amhrán faoi Raftairí agus an uisge beatha”
Sean-Amhrán.
Seo amhrán faoi Raftairí agus an uisge beatha.
"A chomharsanna dhílis chaith mé mo shaoghal libh,
Ar m'fhirinn do shíl mé bheith cneasta.
'S iomdha sin oidhche a chaith mé leat sínte
'S mé caithte ar mo thaobh cois an bhalla.
Níor sgar mise ariamh leat ar comhairle na Ríghte,
Gur dhóigh tú mo ghruaig 's mo bhalla,
Oidhche Dia hAoine ag Aonach Cill Caosta
'Seadh chaith mé i dtigh Pheadair Uí Chealluigh,
Mo gléas' gach aon oidhche 's ar maidin arís
Nar bhuaidh Dia coidhche mo charaid,
Seachtmhain go díreach i bpionna 's i bpianta
'Seadh chaith me i dtigh Tom Gloin ar mo leabaidh.
Acht geallaim go fíreannach agus amhduighim go Críost
Go ndiúlta mé ag ól uisce beatha,
Tá fhios ag an saoghal nach le dúil ann a bhím
Acht le grádh do na daoine a bhíos m'aice.
Nach deas an rud bólacht, fear maith, agus gabhaltas,
Cruithneacht is eornan le gearradh
Mine sa gcófra is teine um trathnóna,
'Gus slighe maith ar bhóthar 's ar bhealach.
Léine 'gus cóta ag dul ar Aifreann Dia Dómhnaigh,
Hata 'gus bróga sa bhfasiún
'Gus sílim-se fós gur fearr sin go mór,(continues on next page)- Collector
- Cáitlín Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Padraig Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Scrahallia, Co. Galway