School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 175
- XML “Scéal faoi Bhoin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean as an áit seo i na comhnuidhe thoir i Gleann Treasna fadó agus bhí bó ionnlaigh amuigh ar an sliabh aici. 'Sé an t-ainm a bhí uirthi "Curamach Mór". Lá amháin chuaidh sí amach i na coinne; thainic múir mhóir uirthi agus shuidhe sí síos faoí áill. Chualadh sí bean ag bogadh paiste istigh san áill agus seo é an amhrán a bhí aici. "Codhladh mo leanbh beidh laogh ag an Curamach Mór ar báll agus togfaidh sí mise agus tusa" "Seo dhuit i agus mo beannacht" ars' an bhean eile agus d'imthigh sí abhaile. Blián 'na dhiaidh sin bhí sí na suidhe cois teine agus d'áirigh sí bó ag géimneach. "Muise" dubhairt sí 'da mbeadh an Curamach Mór beo is cosamhail le na géim é. Bhreathnuigh sí amach agus cé bheadh ag teacht isteach an t-sráid acht í agus laogh toighte ag rith le na taobh.
Níl mórán capaillí timcheall annseo. Is deas glán an ainmhidhe é. Tádar beathuighthe ar coirce agus féar. Láir a tugtar ar an gcapall a bhíos an searrach aice, agus bromach a tugtar ar searrach bliadhna. Cuirtear cruidhthe ar na capaillí a bhíos ag obair. Nuair tá márcach ag dul ar chapall cuireann se srián agus dialliad air. Cuirtear gleidhte air nuair tá sé ag dul faoí carr nó trucaill.
"Fróch, Fróch" a déirtear ag glaodhach ar chapall.
Is cosamhail leis an capall an asal, an rud a fheileas do chapall feileann sé do'n asal freisin. An rud is mó atá an asail i n-usáid is leis na(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Micheál Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Address
- Scrahallia, Co. Galway