School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 280
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin chuaidh sé isteach i dteach. Fear saidhbhir a bhí in a comhnaidhe san teach. Grialais Beag a bhí ar an fear a bhí in a comnaidhe in Árainn. Flaithbheartac dob eadh an fear eile. D'fiarr grialais deoch ar an gcailín aimsire a bhí sa teach. Dubhairt sí nach raibh cead aicí é thabhairt dó. Do bhí cúpla míos bainne fágtha ar an mbord chuaidh sé anonn go dtí iad agus d'ól sé cuid de'n bhainne. Dubhairt an cailín go níochfadh sé as. Cuaid sé anonn go dtí iad arís agus d'ól sé a dhóthain agus chaith sé puiteach síos san mbainne. Nuair a tháinic an mághaistir dinnis an cailín dó é. Dubhairt sé nach ndearfadh sé tada leis dá nólfadh sé a dóthain ach nuair a chaith sé puiteach sios ann go níochfadh sé as. Dimthigh sé leis annsin é féin agus seisear fir a bhíod einfeacht leis ag obair nuair a chonnaic grialais ag teacht iad fuair sé bád . Leán an Flaithbheartach é agus ba gearr go dtáinic síad súas leis. Cuaid fear aca isteach san mbád a raibh sé agus bhí tuagh aige agus bhí tuagh ag Grialais freisin. bhí ceann de fir an Flaithbeartach i ngrim i rópa a bhí ceangailte den dhá bhád, agus ní dhearna Grialaish ach a thuagh(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway