School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 005
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    locha coirb. Is le h-ais an bóthair seo atá "Caisleán Dá Chailleach." Adeirtear gurb iad na Flaithbheartaigh agus na Buarcaigh a rinne an caisleán úd. Seo é an scéal atá fútha:
    Bhí Magh Seola, is é sin an méid talmhan atá idir Baile Átha An Ríogh agus Sruthal i seilbh na bhFlaithbheartach agus na mBuarcach. Rinne siad caisleáin le bruach na locha-rinne siad cúig cinn agus dá mbeadh duine ar bharr ceann acu, bheadh na cinn eile le feiceál aige. I gceann tamaill dhíbir na Buarcaigh na Flaithbheartaigh aniar thar loch Coirb go "Tír Dá Loch," an talamh atá idir loch Coirb nó loch Oirbhshean agus loch Lurgann nó Cuan na Gaillimhe
    Nuair a shroich na Flatheartaigh an taobh eile de'n loch - i bPort Darach is cosamhail -bhí siad an-thuirseach. Luighe siad siar ar an talamh agus thit siad ina gcodla. Théis tamaill do bhain athluachra greim as cluais dhuine acu agus dhúisigh sé é. D'fhéach sé amach ins an loch agus céard d’fheicfeadh sé ach cabhlach bád. Céard a bheadh ann ach na Buarcaigh. Dhúisigh an fear a mhuinntir ach bhí siad ró-mhall. D’ionnsuigh na Buarcaigh iad agus do mharaigh siad go leor díobh. Annsin bhí ar na Flaithbheartaigh géilleadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Maidín
    Gender
    Male
    Address
    Kilcloggaun, Co. Galway
    Informant
    Tadhg Ó Maidín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Kilcloggaun, Co. Galway