Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)locha coirb. Is le h-ais an bóthair seo atá "Caisleán Dá Chailleach." Adeirtear gurb iad na Flaithbheartaigh agus na Buarcaigh a rinne an caisleán úd. Seo é an scéal atá fútha:
Bhí Magh Seola, is é sin an méid talmhan atá idir Baile Átha An Ríogh agus Sruthal i seilbh na bhFlaithbheartach agus na mBuarcach. Rinne siad caisleáin le bruach na locha-rinne siad cúig cinn agus dá mbeadh duine ar bharr ceann acu, bheadh na cinn eile le feiceál aige. I gceann tamaill dhíbir na Buarcaigh na Flaithbheartaigh aniar thar loch Coirb go "Tír Dá Loch," an talamh atá idir loch Coirb nó loch Oirbhshean agus loch Lurgann nó Cuan na Gaillimhe
Nuair a shroich na Flatheartaigh an taobh eile de'n loch - i bPort Darach is cosamhail -bhí siad an-thuirseach. Luighe siad siar ar an talamh agus thit siad ina gcodla. Théis tamaill do bhain athluachra greim as cluais dhuine acu agus dhúisigh sé é. D'fhéach sé amach ins an loch agus céard d’fheicfeadh sé ach cabhlach bád. Céard a bheadh ann ach na Buarcaigh. Dhúisigh an fear a mhuinntir ach bhí siad ró-mhall. D’ionnsuigh na Buarcaigh iad agus do mharaigh siad go leor díobh. Annsin bhí ar na Flaithbheartaigh géilleadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe