Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 014
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deireann na daoine timcheall na h-áite seo nár ceart aon ghruaig do bhearradh ar an luain. Ar Aoine a’Céasta baineann na daoine trí ribe as a gcuid gruaige agus caitheann said sa teine iad. Muna lasann siad gheibhinn na daoine a mba leo iad bás roimh Aoine a’Chéasta arist.
“Dómnach a’ Phus” a tugtar ar an Dómhnach roimh Chéadaoin an luaithreadh mas gheall go mbíonn pus ar na mná nach mbíonn pósta roimh an Cargaos, an lá sin. Ní chaitheann muintear na h-áite seo an luaithreadh amach ar chor ar bith ar Chéadaoin an luaithreadh.
Gach oidhche Bhealtaine cuireann siad suas craobh de “Crainn Bealtaine” ó’s cionn na ndoras agus ós cionn na bhfuinneóg leis na taidbhse a choinneál amach.
“Dómhnach a’Chrom Dubh” a tugtar ar an Dómhnach deireadh de Iul. Craitheann na daoine bláthanna bána darbh ainm,”Airgead luachra” ar fud an urláir san lá sin. Ar an lá sin freisin bíonn pátrún i Mághchuillinn. Tugtar “Mí Bhán an Fhóghmhair” ar Mí Mheadhoin Fóghmhair agus ní mharbhóchfadh aon duine muc ins an mí sin.
Má bhíonn laogh ag bó i Mí Aibréan, cuirtear ribín dearg uirthi caoi nach n-imtheóchfadh sí leis an Sean Bó Riabhach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann