School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 018
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ins an tsean aimsear bhíodh arán acu a bhíodh déanta as min-choirce. ‘Sé an chaoí a dhéanfaidís é do bhácáil ná é a chur síos ins an ngríosach, billeog gabáiste a chur faoi agus an gríosach dearg a chur o’s a chionn. Is le bpúinnte láimh a mheileadh na daoine an gráinne fadó. Tá cúpla ceann díobh sin ins an ceanntar seo fós. Tá ceann dóibh sin ag Seán Ó Bóthán ar an Currach, agus meileann sé árbhar dó féin amannta. Cinéal rotha é agus tá lámh amach as.
‘Siad na cineál cacaí a bhíodh acu fadó ná: cáca bocsta, cáca seagail agus pancóg. Gach Oidhche Shamhna déanann gach duine cáca bocsta ach ní bhíonn na sean daoine indon é ithe mar gheall ar nach mbíonn na fiacla go maith ortha. “Oidhche na Pancóga” a thugfaidís ar an oidhche roimh lá ‘le Bríghde mar gheall ar go ndéanann siad neart pancógaí san oidhche sin.
Baineann gach bean a tighe bearna ar an cáca, caoí nach n-osglóthadh sé an doras leis na doine maithe. Bhí bean ins an chéanntar seo fadó agus oidhche amháin nuair a bhí a fear imthighde in a chodladh chuir an bean an maide ‘Eamonn leis an doras. Bhí sí ar tí dul a chodladh nuair a labhair fear taobh amuich go ndubhairt sé: A cháicín gan bearna eirigh suas agus leig isteach mé.” D’osgail an cáca an doras agus tháinig an fear isteach agus tai sgiob sé an bhean leis. Sin é an fath go dtógann gach bean a tighe(continues on next page)