Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ins an tsean aimsear bhíodh arán acu a bhíodh déanta as min-choirce. ‘Sé an chaoí a dhéanfaidís é do bhácáil ná é a chur síos ins an ngríosach, billeog gabáiste a chur faoi agus an gríosach dearg a chur o’s a chionn. Is le bpúinnte láimh a mheileadh na daoine an gráinne fadó. Tá cúpla ceann díobh sin ins an ceanntar seo fós. Tá ceann dóibh sin ag Seán Ó Bóthán ar an Currach, agus meileann sé árbhar dó féin amannta. Cinéal rotha é agus tá lámh amach as.
    ‘Siad na cineál cacaí a bhíodh acu fadó ná: cáca bocsta, cáca seagail agus pancóg. Gach Oidhche Shamhna déanann gach duine cáca bocsta ach ní bhíonn na sean daoine indon é ithe mar gheall ar nach mbíonn na fiacla go maith ortha. “Oidhche na Pancóga” a thugfaidís ar an oidhche roimh lá ‘le Bríghde mar gheall ar go ndéanann siad neart pancógaí san oidhche sin.
    Baineann gach bean a tighe bearna ar an cáca, caoí nach n-osglóthadh sé an doras leis na doine maithe. Bhí bean ins an chéanntar seo fadó agus oidhche amháin nuair a bhí a fear imthighde in a chodladh chuir an bean an maide ‘Eamonn leis an doras. Bhí sí ar tí dul a chodladh nuair a labhair fear taobh amuich go ndubhairt sé: A cháicín gan bearna eirigh suas agus leig isteach mé.” D’osgail an cáca an doras agus tháinig an fear isteach agus tai sgiob sé an bhean leis. Sin é an fath go dtógann gach bean a tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge