School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 019
- XML “Arán”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bearna ar an cáca sul a leagann siad suas ar a gcuid lámha é.
Nuair a bhíonns an cáca déanta ag bean a’tighe cuireann sí sa lasad é le go mbeadh an bácús té go leor chun é do chur síos ann. Cuirtear lasair faoi an mbácús le go mbeadh sé díreach go leor agus ceapaim gurab é an rud céadna a chuireann siad faoin ngreidill.
Sul a chuireann na mná an leac ar an mbácús cuireann siad cros o’s a chionn agus deireann siad: ’Go mba seacht míle fearr a béas muid an t-am seo aríst agus go sábhála Dia sin ó thachtadh, ó uscóid agus ó anachain” Anois agus aríst déanann siad cáca le uisce in áit bláthach agus cuireann siad dorn ann agus aon duine a ithfeadh píosa de’n cáca sin bheadh sé beo ins an t-am sin aríst deireann siad. - Rathanna agus liosanna.Ins an mbaile s'againne tá lios ann agus 'sé an t-ainm atá uirthi ná "lios a Chait. deireann na daoine gur fhág na Lochlannaigh cat annsin, cat sidheógach ag cumhdach an t-ór a robálfaidís ó na daoine, timcheall. tá an cat annsin fós ach dá bhfeicfeadh aon duine e gheobhfadh sé bás.
Timcheall is caogadh bliathain ó soin bhí rath mór a raibh faitchíos ar aon duine dhul in aice leis.(continues on next page)