School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 026
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus déanann siad turas trí h-uaire timcheall air agus iad ag guidhe ar feadh an ama. Deireann siad seacht “Paidir” gach turas.
    Bhí bean sa cheanntar seo tráth agus sé an t-ainm a bhí uirthi ná “Siseala Mór”. Lá amháin agus í ag dul thar claidhe chuaidh dealg mhór dhubh suas in a h-ile. Bhí sí ag dul cuig dochtúirí ar feadh na bliadhna ach is beag maitheasa a rinne sé. Ní raibh dochtúir nó liagh ann bhí indhon an dealg a bhaint amach. Chuaidh sí go dtí an sagart agus dubhairt sé leithe dul go dtí “Tobar Bhreandán” agus braon den uisge a chuimilt don ghoin. Chuaidh sí go dtí an tobar. Nigh sí an ceirt a bhí ar an ngoin le uisge an tobar bheannuighthe. Chuir sí an ceirt air aríst agus é fliuch agus nuair a bhain sí de arís é bhí an dealg amuich agus beagnach cupán ádhbhain in éanfhacht leis.
    Fadó ar an Domhnach a dhéanfaidís an turas go dtí an tobar. Ach tháinig sagart uair amháin- an tAthair Ó Concubhair a thugfaidis air agus dubhairt seisean an turas a dhéanamh ar an lá a bhfuair ár dTighearna bás – an Aoine. Le linn dó bheith annseo ghearr sé crois amach ar chloich agus do bheannuigh sé é. Bheannuigh sé cloch eile freisin. Tá an dá chloch annsin fós. Dá gcuimleochá an cloch de do shúile agus tú beith dall geobhthá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish