School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 027
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leigeas. Fágann daoine cruidhte capaill, tairngí agus rudaí de’n tsórt sin ann.
    Tá draighean dubh mór ag fás taobh leis agus nuair a bhíonn daoine ag dul go h-Aimeirceá tógann siad dealg ar an gcrann leo mar deirtear go mbeadh turas slán aca dá ndéanfaidís sin. Tá reilg le h-aghaidh páistí in aice leis.
    Tá tobar Órán ann chomh maith. Is le h-ais an bhóthair idir Mághcuilinn agus Gaillimh atá sé. Tá crann éigin ag fás o’s a cionn agus bíonn an crann sin comh deas is a bhfaca tú arís nó ariamh nuair a bíonn sé fé bláth . ‘Sé an caoi a dhéanfaidís turas ná : Gheobhadh siad seacht clocha beaga ar an dtobar. Déarfadh said seacht “Ár nAthair atá ar Neamh” agus iad ag siubhal timpeall ar an dtobar ar fead an ama.
    Tá tobar eile thuas i gCill Aininn agus “Tobar Aininn” atá ar sin. I lár páirce atá sé. Aon bean nach mbeadh muirghín aici déanfadh sí turas go dtí an tobar sin, agus bheadh muirgíhn aicí déanfadh sí turas go dtí an tobar sin agus bheadh muirghín aicí annsin.
    Ag Tobar “Breandáin “fadó bhíodh mór-shiubhail gach lá ‘le Breandán .i. an 16 adh lá de Bhealtaine. Tar éis an mór-shiubháal bhíodh na fir óga ag iománaidheacht i léine Mháire” ainm páirce is éadh é sin in aice na háite, agus bhíodh fear na méireachán ann agus tincéirí agus bhíodh lá mór ag óg is sean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish