School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 033
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cill a'Clogáin. Deirtear gurb é Naomh Feichín do chuir ar bun í agus gur sgriosadh í in aimsir hEinrí. Tá sean-fothracha le feicsint. Is dócha gur cill an-mhór a bhí ann, mar tá achar mór talmhan faoi na fothracha. Bhí go leor seomraí ann is dóigh.
    Leisín na bpáistí: Tá sé sin in aice le Goirtín na cille agus bhíodh sean-daoine agus páistí curtha ann fadó. Tá a lán sgeach ann anois, agus tá siad mar coill bheag. Tá éan mór annsin agus tá sé ar aon dath leis an smólach, agus bíonn sé ag fairiúghadh ó bharr crainn annsin oidhche 'gus lá, agus tá sé ann leis na bliantaibh.
    Poll Báidhte. Poll an-mhór é sin agus tá sé i lár páirce, agus 'sé an t-achar mór atá ann ná ceithre acra. "An Móinféar" atá mar ainm ag na daoine ar an páirc. Bhí cath mór annsin tráth idir Gaedhil is Gaill agus báitheadh a lán de na Gaill ins an bpoll. Ní íosfadh aon duine iasg as an bpoll sin mar gheall ar sin.
    Cloch a Bean sidhe: Cloch an-mór is eadh é sin agus bíonn an bean sidhe ag sliosadh ann gach oidhche. Nuair a gheobhann duine bás ins an mbaile s'againne chloisfeá ag gol is ag caoineadh í ar feadh na h-oidhche. Tá poll mór ar an gcloich agus bíonn sé líonta le h-uisce gach uair. Dá mbeadh faineóchaí ar aon duine agus iad a nigh leis an agus an abairt seo a rádh: 'Uisce cloiche an fhírinn'. Ní i do iarradh atá mé, ach ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway