Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 033
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cill a'Clogáin. Deirtear gurb é Naomh Feichín do chuir ar bun í agus gur sgriosadh í in aimsir hEinrí. Tá sean-fothracha le feicsint. Is dócha gur cill an-mhór a bhí ann, mar tá achar mór talmhan faoi na fothracha. Bhí go leor seomraí ann is dóigh.
Leisín na bpáistí: Tá sé sin in aice le Goirtín na cille agus bhíodh sean-daoine agus páistí curtha ann fadó. Tá a lán sgeach ann anois, agus tá siad mar coill bheag. Tá éan mór annsin agus tá sé ar aon dath leis an smólach, agus bíonn sé ag fairiúghadh ó bharr crainn annsin oidhche 'gus lá, agus tá sé ann leis na bliantaibh.
Poll Báidhte. Poll an-mhór é sin agus tá sé i lár páirce, agus 'sé an t-achar mór atá ann ná ceithre acra. "An Móinféar" atá mar ainm ag na daoine ar an páirc. Bhí cath mór annsin tráth idir Gaedhil is Gaill agus báitheadh a lán de na Gaill ins an bpoll. Ní íosfadh aon duine iasg as an bpoll sin mar gheall ar sin.
Cloch a Bean sidhe: Cloch an-mór is eadh é sin agus bíonn an bean sidhe ag sliosadh ann gach oidhche. Nuair a gheobhann duine bás ins an mbaile s'againne chloisfeá ag gol is ag caoineadh í ar feadh na h-oidhche. Tá poll mór ar an gcloich agus bíonn sé líonta le h-uisce gach uair. Dá mbeadh faineóchaí ar aon duine agus iad a nigh leis an agus an abairt seo a rádh: 'Uisce cloiche an fhírinn'. Ní i do iarradh atá mé, ach ag(leanann ar an chéad leathanach eile)